Close icon
Close icon

An Teastas iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe (TTA) san Iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta

Ar Fáil: Páirt-aimseartha

Leibhéal: Teastas 30 ECTS

Fad an Chúrsa: Bliain

Ionad: Ar-líne

Seachadadh an Chúrsa:

Ceardlanna beo ar líne chun tacú leis an bhfoghlaim teanga agus teagasc ábharbhunaithe. Ríomhphunann teanga (dialann ar líne)

Measúnú:

Tascanna aisioncronacha. Ríomhphunann teanga.

  • Réamhrá
  • Struchtúr An Chláir
  • Riachtanais Iontrála
  • Conas Iarratas a Dhéanamh

Réamhrá

Cé air a bhfuil an clár dírithe?

  • An múinteoir ábhair tú i nGaelcholáiste, in Aonad Lán-Ghaeilge nó in iarbhunscoil Ghaeltachta?
  • Ar mhaith leat cur le d'inniúlacht/do chumas teanga féin sa Ghaeilge?
  • Ar mhaith leat forbairt ghairmiúil a dhéanamh bunaithe go sonrach ar na riachtanais ar leith a bhaineann le hábhar a theagasc trí Ghaeilge?
  • Ar mhaith leat díriú ar do chumas feidhmiú go héifeachtach agus go muiníneach mar mhúinteoir ábhair sa seomra ranga?
  • An gcuirfeá fáilte roimh an deis a bheith mar chuid de phobal mhúinteoirí ábhair eile a bhfuil na dúshláin chéanna acu?

Más ea, bheadh an clár TTA go mór in oiriúint duit agus do na riachtanais atá agat mar mhúinteoir ábhair iarbhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht.

Who is the programme for?

  • Are you a subject teacher in a Gaelcholáiste, in Aonad Lán-Ghaeilge or in a Gaeltacht post-primary school?
  • Would you like to improve your Irish-language competence or ability?
  • Would you like to undertake professional development specifically based on the particular requirements involved in teaching through Irish?
  • Would you like to focus on your ability to function effectively and confidently as a subject teacher in the classroom?
  • Would you welcome the opportunity to be part of a community of other subject teachers who are facing the same challenges?

If so, the TTA programme is particularly suited to you and to your requirements as a post-primary subject teacher teaching through Irish either in the Gaeltacht or outside the Gaeltacht.

Forbairt ghairimiúil saincheaptha don mhúinteoir ábhair iarbhunscoile i gColáiste Mhuire gan Smál

Tá go leor fianaise ann go mbíonn dúshláin mhóra roimh mhúinteoirí ábhair i nGaelcholáistí, in Aonaid Lán-Ghaeilge agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta. Tá fás ag teacht ar an laghdú múinteoirí ábhair ó ghaelcholáistí agus ó iarbhunscoileanna Gaeltachta. Tá easpa tionscnamh saincheaptha forbartha gairmiúla le dul i ngleic le riachtanais shonracha ó thaobh teanga agus oideolaíochta de. Sa chlár iarchéime seo, (TTA), déanfar freastal ar na sainriachtanais forbartha gairmiúla mar aon leis na hinniúlachtaí teanga riachtanacha chun ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge san iarbhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta. Tá an TTA curtha ar fáil ag Coláiste Mhuire gan Smál i gcomhpháirt le Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann agus leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Customised professional development for post-primary subject teachers in Mary Immaculate College

It is well documented that subject teachers in Gaelcholáistí, in Irish-medium immersion units and in Gaeltacht post-primary schools face considerable challenges. Post-primary subject teacher attrition from Gaelcholáistí and Gaeltacht schools is growing. There is a lack of tailored professional development initiatives which address specific linguistic and pedagogical needs. This postgraduate programme (TTA) will attend to the specific professional development requirements as well as the mandatory language proficiency required to teach content through Irish in Irish-medium and Gaeltacht post-primary schools. The TTA programme is being offered by Mary Immaculate College in conjunction with Education and Training Boards Ireland and an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Torthaí foghlama an chláir

Ar chríochnú an chlár saincheaptha seo, beidh mic léinn in ann:

  • Tuiscint a léiriú ar an ról atá ag feasacht teanga an mhúinteora i dteagasc trí Ghaeilge san iarbhunscoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta mar aon le straitéisí feasachta agus saibhrithe teanga a fhorbairt i dteagasc an ábhair
  • Machnamh agus measúnú a dhéanamh ar chórais agus ar struchtúr na Gaeilge i réimsí spriocdhírithe an ábhair agus tabhairt faoi phleanáil straitéiseach fhéinstiúrtha le cur ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach agus go muiníneach mar mhúinteoir ábhair sa seomra ranga
  • Eochairchoincheapa an chomhtháthaithe ábhair agus teanga a shainmhíniú agus a himscrúdú i gcomhthéacs an tumoideachais iarbhunscoile
  • Straitéisí teagaisc a chur i bhfeidhm agus a mheas chun an fhoghlaim teanga agus ábhair a fheabhsú agus a shaibhriú
  • Athbhreithniú agus measúnú criticiúil a dhéanamh ar cháilíocht ghnéithe an tsoláthair ina ranganna féin ar mhaithe le scileanna teanga agus litearthachta a chur chun cinn go leanúnach i gcomhthéacs an ábhair.

Programme learning outcomes

On completion of this bespoke programme, students will be able to:

  • Demonstrate an understanding of the role of teacher language awareness in instruction through Irish in Irish-medium/Gaeltacht post-primary schools, along with development of language awareness and enrichment strategies in subject teaching
  • Reflect on and assess the systems and structures of the Irish language in targeted content areas and engage in self-directed strategic language planning to enable them to function effectively and confidently as subject teachers in the immersion classroom
  • Define and investigate the key concepts of content and language integration in the context of post-primary immersion education
  • Implement and evaluate instructional strategies to improve and enrich language and content learning
  • Critically review and evaluate the quality of aspects of provision in their own classroom in order to promote language and literacy skills on a continuous basis in the context of subject instruction.

Maoiniú

Tá maoiniú ar fáil do mhúinteoirí ó scoileanna na mBord Oideachais & Oiliúna. Moltar teagmháil a dhéanamh le do Bhord Oideachais & Oiliúna féin chun tuilleadh eolais a fháil. 

Funding

Funding for teachers is available from Education and Training Board schools. You are advised to contact your Education and Training Board for further information.

Contact/Teagmháil

An Dr Karen Ní Chlochasaigh

Karen.NiChlochasaigh@mic.ul.ie

Struchtúr An Chláir

Cuirfear an clár ar fáil go hiomlán ar líne ó Mheán Fómhair 2023. Úsáidfear straitéisí aisioncronacha (nuair a bhíonn an mac léinn ag obair ar thascanna an chláir ina gcuid ama féin) agus sioncronacha (nuair a bhíonn ceardlanna beo ar líne) chun tacú leis an bhfoghlaim teanga. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide ar líne a dhearadh chun scileanna teanga an mhúinteora ábhair a fhorbairt agus a shaibhriú. Cuirfidh ríomhphunann teanga (dialann foghlama teanga) ar chumas an mhúinteora ábhair a bheith níos feasaí ar a n-inniúlacht sa Ghaeilge, ar ról na hinniúlachta i dteagasc na Gaeilge, agus ar ról na hinniúlachta i dteagasc an ábhair trí Ghaeilge. Bainfear leas as an ríomhphunann teanga chun turas foghlama agus forbartha an mhúinteora a léiriú.

Ag tús an chláir, scaipfear ceistneoir anailíse riachtanas ar na rannpháirtithe maidir le hinniúlachtaí teanga agus teicneolaíochta agus le stíleanna agus le roghanna foghlama. Úsáidfear na sonraí uaidh sin chun struchtúr a chur ar an gcaoi ina dhéanfar an clár a mhúnlú agus a sheachadadh / a chur ar fáil.

The programme will be delivered entirely online from September 2023. Both asynchronous strategies (where students work on programme assignments in their own time) and synchronous strategies (live online workshops) will be used to support language learning. Online communication activities will be designed to both develop and enrich the subject teacher’s linguistic skills. The language e-portfolio (language learning journal) will allow the subject teacher to become more aware of their proficiency in Irish, the role of proficiency in teaching Irish, and the role of proficiency in teaching content through Irish. The language e-portfolio will be used to demonstrate the teacher’s learning and development journey.

A needs analysis questionnaire will be distributed to participants at the start of the programme outlining linguistic and technological competencies and learning styles and preferences. The data from this questionnaire will be used to inform and shape the programme structure and delivery.

Clár-ama an chláir

Roinnfear mic léinn i ngrúpaí de réir ábhair agus cuirfear ranganna ar fáil ar líne Máirt agus Déardaoin (7pm - 9pm). Déanfar forbairt sna ranganna ar shaintheanga an ábhair agus gnéithe na gramadaí a bhaineann go sonrach le teanga an tseomra ranga.

Programme timetable

Students will be grouped according to subjects, and online classes will be provided on Tuesdays and Thursdays (7pm - 9pm). The classes will develop the specific language used in each subject along with the aspects of grammar which specifically relate to the classroom language.

Modúil Mhúinte an Chláir

Seimeastar an Fhómhair (Meán Fómhair 2023 – Mí na Nollag 2023)

Teagasc trí Ghaeilge (15 ECTS)

 

Seimeastar an Earraigh (Eanáir 2024 – Aibreán 2024)

Turas Foghlama Teanga an Mhúinteora Ábhair: Tionscadal Taighde Gníomhaíochta (15 ECTS)

Programme Taught Modules

Autumn semester (September 2023 - December 2023)

Teaching through Irish (15 ECTS)

 

Spring semester (January 2024 – April 2024)

The Subject Teacher’s Language Learning Journey: Action Research Project (15 ECTS)

Riachtanais Iontrála

Múinteoirí ábhair iarbhunscoile cáilithe:

  • A bhfuil bunchéim ábhartha / Dioplóma Iarchéime san Oideachas/Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas acu ag Leibhéal Onóracha 2.2 nó níos airde atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Leibhéal 8 - Creat Náisiúnta na gCáilíochtaí)
  • Atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus go bhfuil ionduchtú agus promhadh curtha i gcrích acu
  • A bhfuil post aitheanta i scoil aitheanta acu i ngort an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (Aonaid lán-Ghaeilge san áireamh)

*Cuirfear fáilte roimh iarratais ó scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla freisin ar an gcionníoll go nglacfaidh an t-iarratasóir pairt i dtionscadal FCÁT (An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha) sa chomhthéacs scoile.

Qualified post-primary subject teachers:

  • Who hold a relevant primary degree / Postgraduate Diploma in Education / Professional Master in Education at 2.2 Honours Level or higher, recognised by the Teaching Council (Level 8 - National Framework of Qualifications)
  • Who are registered with the Teaching Council and who have completed induction and probation 
  • Who hold a recognised post in a recognised school in the field of Irish-medium immersion and Gaeltacht education (including Aonaid Lán-Ghaeilge)

*Applications from English-medium schools are also welcome provided applicants engage with a CLIL (Content and Language Integrated Learning) project in their school contexts.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Iarratasóirí AE

Iarratais do mhí Mheán Fómhair 2023 dúnta anois. 

Táille an Chláir: €2,500. Maoiniú ar fáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Joanne Keane, Executive Officer - Postgraduate Support
Faculty of Education

R: PGEducation@mic.ul.ie

EU Applicants

Applications for September 2023 are now closed.

Programme Fees: €2,500. Funding available.

To find out more about this programme please contact:

Joanne Keane, Executive Officer – Postgraduate Support
Faculty of Education

E: PGEducation@mic.ul.ie

  • Réamhrá
  • Struchtúr An Chláir
  • Riachtanais Iontrála
  • Conas Iarratas a Dhéanamh