Skip to main content

Glac ballraíocht sa Leabharlann

Tá ballraíocht sa Leabharlann go hiomlán saor in aisce do chách.

Tá sé furasta ballraíocht a ghlacadh; níl le déanamh ach foirm iarratais a chomhlánú, ag an leabharlann nó ar líne ag an nasc thíos.

Nuair a ghlacann tú ballraíocht ar líne gheobhaidh tú uimhir leabharlainne shealadach, ar féidir leat í a úsáid chun rochtain a fháil ar ríomhsheirbhísí láithreach bonn. D’fhonn leabhair etc. a fháil ar iasacht, beidh ort do bhallraíocht a chur i gcrích trí CA fótagrafach agus cruthúnas ar sheoladh reatha a thabhairt leat chuig leabharlann.

Is féidir ballraíocht sa leabharlann a ghlacadh ag aois ar bith ach ní mór do pháistí agus do dhaoine óga faoi aois ocht mbliana déag cead a fháil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir chun ballraíocht a ghlacadh. Tá tuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as a bpáistí sa leabharlann, as roghanna a bpáistí agus as úsáid ábhar agus seirbhísí na leabharlainne ag a bpaistí, lena n-áirítear rochtain ar an Idirlíon.
Roghnaigh do sheirbhís leabharlainne thíos chun dul chuig a leathanach glactha ballraíochta ar líne (ach coinnigh cuimhne, nuair is ball thú i leabharlann ar bith is féidir leat seirbhísí in aon leabharlann sa tír a úsáid!)


Féach ar liosta sábháilte gníomhach